Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.

Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe.

Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
00:00
00:00

Episode's summary

Tá na mná ar fad sa stúideó an tseachtain seo le breith suas ar na rudaí cultúrtha a sheas amach dóibh le cúpla seachtain anuas idir drámaíocht, albaim agus na grammys!

Episodes

67-

Kojaque, Animals, 424 & Na Grammys!

Tá na mná ar fad sa stúideó an tseachtain seo le breith suas ar na rudaí cultúrtha a sheas amach dóibh le cúpla seachtain anuas idir drámaíocht, albaim agus na grammys!

20 Nov 2026
66-

Saibhreas na Life le Tomás Ó Madaoin

D’fhág Aisling slán leis an stúideó chun an t-eagrán seo a thaifead ar churrach le labhairt le Tomás Ó Madaoin atá ag obair leis an ionad uisce HQ20 i mBaile Átha Cliath. Tá Tomás ag iomradh agus ag rámhaíocht currachaí le breis is dhá bhliain déag agus tá sé i gceist aige cúrsaí trí Ghaeilge a thosnú i dteannta le BÁC le Gaeilge an bhliain seo chugainn. Thóg Tomás Aisling amach ar an Life ar churrach álainn darb ainm an Chailleach Dhubh le labhairt faoi bhéaloideas agus saibhreas na Life, chomh maith le stair cuid de na droichid agus foirgnimh atá le feiceáil ón abhainn. Níl anseo ach blaiseadh den turas a dhéanann Tomás, mar sin má thaitníonn sé seo libh mholfainn go mór súil a chaitheamh ar na himeachtaí agus cúrsaí a bhíonn ar bun ag H2QO.

20 Nov 2026
65-

Cad é an Glas Triarach?

Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir ábhair Conleth Ó Mealláin faoin nGlas Triarach. Cad é? Cén fáth go bhfuil an oiread cainte air? Agus cén fáth go bhfuil an rialtas ag iarraidh é a bhaint? Is féidir Conleith a leanúint ar na meáin shóisialta @conlethomeallain

18 Nov 2026
64-

Crainn dhúchasacha le Rob Fell ó Hometree

Labhair Aisling le Rob Fell ón eagraíocht Hometree, atá ag iarraidh €1,000,000 a bhailiú laisitgh de mhí chun athdhúlrú a dhéanamh ar chuid mhaith d'Iarthar na hÉireann. Is féidir tacú leis an bhfeachtas tríd www.hometree.ie/fundraiser

17 Nov 2026
63-

An bhfuil amhrán Gaeilge nua-chumtha agat?

Tá an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ‘27 ag lorg amhrán Gaeilge nua-chumtha le hionadaíocht a dhéanamh ar Éireann don mbliain 2027. Labhair Aisling le Bríde de Róiste faoin gcomórtas agus faoi cad iad na rialacha más maith libhse cuir isteach air.

16 Nov 2026